Open Call | Scéim Treisiú 2026, Babhta 1 ó Ealaín na Gaeltachta
Tacaíocht do thionscadail aon uaire sna hEalaíona Dúchasacha agus/nó sa Drámaíocht/ Amharaclannaíocht don Óige trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tríd an scéim seo, tabharfar tacaíocht aon uaire do ghrúpaí agus do dhaoine aonair sna ceantair Ghaeltachta, le deis a thabhairt dóibh forbairt a dhéanamh ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí ar ardchaighdeán don óige sna healaíona dúchasacha agus/nó sa drámaíocht/amharclannaíocht.
€15,000 an t-uasmhéid maoinithe atá ar fáil.
Díríonn Scéim Treisiú ar dheiseanna don óige a chur chun cinn lasmuigh de chomhthéacs clár oiliúna. (Más clár oiliúna atá i gceist, déan iarratas trí Scéim Neartú.)
Ba chóir labhairt le foireann Cuisle nó leis an Áisitheoir Ealaíon i do réigiún sula ndéanfar iarratas ar an scéim seo.
Critéir agus foirm iarratais: www.ealain.ie
