Open Call | Call for Events at Oíche Chultúir sa Ghaeltacht 2026
Fáiltíonn Ealaín na Gaeltachta roimh iarratais ó dhaoine aonair agus ó ghrúpaí ar mian leo imeacht a eagrú a bheidh ar siúl sa Ghaeltacht ar an Aoine, an 18 Meán Fómhair, mar chuid d’Oíche Chultúir 2026.
Fáilteofar ach go háirithe roimh iarratais a spreagfaidh rannpháirtíocht chruthaitheach an phobail áitiúil agus roimh imeachtaí a thabharfaidh deis don aos óg páirt ghníomhach a ghlacadh iontu. Cuirfear fáilte faoi leith roimh imeachtaí a mbeidh daoine a bhfuil dúshláin rochtana rompu in ann freastal orthu.
Uasmhéid maoinithe: €1,000
Tuilleadh eolais: www.ealain.ie
Spriocdháta d’iarratais: 4 Meitheamh 2026
