<Gach Ábhar
Print

Díolúine ó Rátaí Tráchtála

Tá go leor stiúideonna ealaíne, eagraíochtaí agus gailearaithe díolmhaithe ó rátaí tráchtála a íoc ar réadmhaoin, ach ní mór don stiúideo nó don eagraíocht a bhfuil an réadmhaoin á ligean ar cíos aige a bheith cláraithe mar sheachbhrabús. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an díolúine ó rátaí tríd an Oifig Luachála. Ba chóir go mbeadh cóip de do Mheabhrán agus d’Airteagail Chomhlachais san iarratas a thaispeánann gur eagraíocht sheachbhrabúsach thú agus cóip den tsraith cuntas iniúchta is déanaí.

Dearbhaítear an chuid is mó d’eagraíochtaí ealaíon agus stiúideonna díolmhaithe le cabhair ó oifig ealaíon a n-údarás áitiúil. Is iondúil go mbíonn an tOifigeach Ealaíon ag plé leis an bhfoireann ábhartha laistigh den údarás áitiúil chun cabhrú leis. 

Nó is féidir leat dul i dteagmháil leis an Oifig Luachála go díreach ar http://www.valoff.ie chun iarratas a dhéanamh ar athluacháil agus ar an táille ábhartha.

Sleachta as an Acht um Measúnú Rátaí 2001:

Sceideal 4: Maoin Ábhartha Neamh-Inrátaithe

11.—Aon ghailearaí ealaíne, músaem, leabharlann, páirc nó séadchomhartha náisiúnta a bhíonn ar oscailt de ghnáth don phobal i gcoitinne agus nach mbunaítear ná nach gcothabháiltear chun brabús príobháideach a dhéanamh.

17.—Aon talamh, foirgneamh nó cuid d’fhoirgneamh atá á áitiú ag cumann a bunaíodh chun eolaíocht, litríocht nó na mínealaíona a chur chun cinn agus a úsáidtear go heisiach chun na críche sin agus seachas chun brabúis phríobháidigh

Tá faisnéis faoi seo i dtreoir na Comhairle Ealaíon do bhoird eagraíochtaí ealaíon (Lch 19): http://www.artscouncil.ie/uploadedFiles/BoardMembers-June15.pdf

Tá eolas freisin ar shuíomh Gréasáin NI Direct a bhaineann le rátaí gnólachtaí beaga i dTuaisceart Éireann:  https://www.finance-ni.gov.uk/topics/property-rating/non-domestic-rating

Clár na nÁbhar