Uisce Salach agus Dríodar | Anna Marie Savage at An Cutúrlann McAdam Ó Fiaich

07/08/2025 - 11/09/2025
7:00 pm - 9:00 pm
Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
216 Falls Rd, Belfast, BT12 6AH

Tel: 028 9096 4180
Web: https://www.culturlann.ie/ga
Email: cniruanaidh@culturlann.ie
Loading Map....

Event Details

Is ealaíontóir teibí í Anna Marie Savage atá lonnaithe in Ó Méith, Contae Lú, agus a bhfuil go leor gradam buaite aici. Bhain sí céim sa Mhínealaín amach ag Ollscoil Uladh, áit inar shaothraigh sí Céim le Céad Onóracha in 2009. Cuireadh saothar dá cuid ar taispeáint ar fud na hÉireann agus an RA, agus bronnadh go leor leor gradam agus sparánachtaí uirthi.

Scrúdaíonn na saothair is déanaí léi, Uisce Salach agus Dríodar, na héifeachtaí tubaisteacha a bhaineann le dumpáil breosla mídhleathach ar éiceachórais áitiúla. Trína hanailís mhionsonraithe ar shamplaí uisce truaillithe ó Abhainn Átha Féan, Co. Lú, cuireann Savage ar ár súile dúinn na géarchéimeanna comhshaoil seo, rud a spreagann feasacht agus gníomhaíocht. An comhoibriú s’aici le hOllscoil Leeds ar an togra seo, a chuimsíonn teorainn Mheicsiceo chomh maith, cuireann sé gné idirnáisiúnta le hiniúchadh Savage ar an díghrádú comhshaoil. In Uisce Salach agus Dríodar úsáideann sí an ealaín chun an eolaíocht, an éiceolaíocht agus an gníomhaíochas a tharraingt le chéile.

Anna Marie Savage is an award-winning abstract artist based in Omeath, Co. Louth. She is a Fine Art graduate of the University of Ulster, where she received a First-Class Honours Degree in 2009. She has exhibited widely throughout Ireland and the UK and has been the recipient of numerous awards and bursaries.

“Braithim gur mór an phribhléid dom agus cuireann sé bród orm an saothar seo a chur ar taispeáint sa Chultúrlann. Mar dhuine a bhfuil grá agam don Ghaeilge agus a bhfuil muinín agam aisti, mothaím go bhfuil sé thar a bheith cuí taispeántas a chur i láthair in áit a ndéanann ár gcultúr agus ár n-oidhreacht a cheiliúradh. Tá na pictiúir seo fréamhaithe i dtalamh agus in uisce an oileáin seo – sin an áit is dual dóibh.” – Anna Marie Savage

Her latest body of work, Uisce Salach and Dríodar, explore the devastating effects of the illicit fuel industry and the dumping of its byproducts on local ecosystems. Through her meticulous collection and analysis of polluted water samples from the River Fane, Co. Louth Savage brings a visual language to these environmental crises, inspiring awareness and action. Savage’s collaboration with Leeds University on this project, which also spans the Mexican border, marks an international dimension to her inquiry into environmental degradation. Through Uisce Salach and Dríodar, she uses art to bridge science, ecology, and activism.

“I feel very privileged and proud to show this work at An Chultúrlann. As someone who loves and believes in the Irish language, exhibiting in a space that celebrates our culture and heritage feels incredibly fitting. These paintings are rooted in the land and water of this island—this is where they belong.” – Anna Marie Savage