Nuacht VAI

Bronnann Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann Cónaitheachtaí san India ar Eleanor Wheeler agus Kathryn Graham

Beidh ealaíontóirí Thuaisceart Éireann ag taispeáint a gcuid buanna san India i mbliana mar chuid de roinnt deiseanna idirnáisiúnta a d’fhorbair Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann chun próifíl ealaíontóirí áitiúla a ardú thar lear.

Roghnaíodh na hamharcealaíontóirí Eleanor Wheeler agus Kathryn Graham chun tabhairt faoi chónaitheachtaí oibre ag Ionad Cultúrtha mór le rá Sanskritti agus Ramgarh Shekawati, an India, chun iad féin a thumadh sa phobal ealaíne agus saothar nua a fhorbairt.

Níos déanaí an mhí seo, beidh an file Stephen Sexton agus stiúrthóir agus Léiritheoir Feidhmiúcháin Amharclann an Lyric Jimmy Fay, ag déanamh ionadaíochta ar Thuaisceart Éireann ag Féile Litríochta Jaipur, an fhéile leabhar is mó ar domhan.

Soláthraíonn na naisc a d’fhorbair Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhairle na Breataine le príomhinstitiúidí cultúrtha san India ardán luachmhar chun cultúr agus cruthaitheacht Thuaisceart Éireann a chur chun cinn do lucht féachana idirnáisiúnta.