Nuacht VAI

Comhairliúchán an AE maidir le Todhchaí an Chóipchirt - Abair Do Thuairim

cóipcheartTá Eagraíocht um Chearta Ealaíontóirí Amhairc na hÉireann (IVARO) ag éileamh ar ealaíontóirí agus a lucht tacaíochta páirt a ghlacadh i mórchomhairliúchán a seoladh san Eoraip maidir le todhchaí an chóipchirt. Pléann an comhairliúchán (i bhfoirm ceistneora ar líne) le hathchóiriú rialacha cóipchirt san Eoraip agus clúdaíonn sé saincheisteanna atá ríthábhachtach do chruthaitheoirí, lena n-áirítear ábhar digiteach, eisceachtaí cóipchirt, sciar cothrom do chruthaitheoirí agus eile. Tá aird mhór tugtha aige cheana féin ón ngluaiseacht cóip-chlé agus ó ghníomhaithe idirlín atá ag slógadh tomhaltóirí chun freagraí a chur isteach a éilíonn go ndéanfar athchóiriú mór.

Caithfimid gníomhú, chun an pictiúr a chothromú agus a chinntiú go gcosnaítear leasanna cruthaitheoirí amhairc.

D’fhonn cabhrú le cruthaitheoirí meá, tá feachtas ar líne curtha ar bun ag: http://www.creatorsforeurope.eu/en/. Cuimsíonn an suíomh seo leagan simplithe den cheistneoir ar féidir le cruthaitheoirí a líonadh go héasca. Tá achainí ann freisin a thacaíonn le cóipcheart agus le cultúr. Glac páirt sa chomhairliúchán seo le do thoil agus cuidigh le tionchar a imirt ar thoradh an phróisis thábhachtach seo.

www.ivaro.ie