Nuacht VAI

Abair do thuairim | Comhairliúchán ar Straitéis Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann (2013-2018)

Leag Ambitions for the Arts (2013-2018), straitéis cúig bliana ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, a gcuspóirí amach chun a bheith mar churadh ar na healaíona agus chun rochtain ar na healaíona a chur chun cinn do chách.

In éagmais rialtas feidhmiúcháin i dTuaisceart Éireann, chuir Comhairle Ealaíon TÉ síneadh leis an straitéis reatha ealaíon chun 2018-19 a chlúdach.
Tá siad i mbun comhairliúcháin faoi láthair ar an gcéad straitéis cúig bliana eile do na healaíona, 2019-2024

Chun do thuairimí a roinnt is féidir leat:

  • Comhlánaigh an suirbhé ar líne
  • Bí páirteach sa phlé ar líne ar Facebook
  • Seol do chuid tuairimí trí ríomhphost chuig straitéis@artscouncil-ni.org
  • Scríobh chuig Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann ag: Freagra Straitéise Cúig Bliana, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann, 1 The Sidings, Bóthar Aontroma, Lios na gCearrbhach BT28 3AJ

Tuilleadh eolais anseo: artscouncil-ni.org/…