Fógraíodh Saorchead isteach do thaispeántas Lucian Freud ag IMMA ón 24 Deireadh Fómhair go dtí an 5 Samhain 2017
D’fhógair IMMA go bhfuil sé ag leathnú a thaispeántais tionscnaimh Lucian Freud go dtí an 7 Eanáir 2018, agus tá sé ag ceiliúradh na chéad bhliana de Bhailiúchán IMMA: Tionscadal Freud le tréimhse coicíse d’iontráil saor in aisce do gach cuairteoir i gcomhthráth le lár téarma Dheireadh Fómhair agus Saoire Bainc Oíche Shamhna.
Sa taispeántas suntasach seo tá 50 saothar le duine de na péintéirí réalaíocha is mó sa 20ú haois - Lucian Freud (1922 - 2011), ar iasacht cúig bliana ó roinnt bailiúchán príobháideach.
Is é an taispeántas reatha, a leathnaíodh anois go dtí an 7 Eanáir 2018, an chéad tráthchuid de thionscnamh oideachais agus cultúrtha cúig bliana. Le linn an tionscadail uathúil seo cuirfidh IMMA sraith taispeántas éagsúil eisiach a bhaineann le Lucian Freud i láthair, le clár nua cainteanna, oscailtí, clubanna leabhar, tionscadail taighde, cónaitheachtaí ealaíontóirí agus imeachtaí eile gach bliain.
Bhí na 50 saothar go léir ar taispeáint i rith na chéad bhliana seo agus leanfaidh siad ar taispeáint go dtí 7 Eanáir 2018. Osclófar taispeántas nua dar teideal The Ethics of Scrutiny, arna choimeád ag an ealaíontóir Éireannach Daphne Wright, go luath i mí Feabhra 2018. Beidh sé seo, agus I measc na dtaispeántas ina dhiaidh sin, beidh saothair agus coimisiúin nua le healaíontóirí nua-aimseartha agus comhaimseartha eile mar fhreagairt ar Freud, agus nochtfaidh siad peirspictíochtaí nua spreagúla ar an ealaíontóir mór seo inniu.
Tá cáil air mar gheall ar a phortráid den fhoirm dhaonna, is fearr aithne ar Lucian Freud as a chuid portráidí pearsanta, macánta, visceral go minic. Ag obair ón saol amháin, bhí stiúideo Freud an-phríobháideach agus d’oibrigh sé go príomha leo siúd a raibh sé gar dóibh, go minic ag iarraidh ar ábhair suí ar feadh na céadta uair an chloig thar il-shuí chun croílár a bpearsantachta a ghabháil níos fearr. Téann na saothair sa taispeántas, atá lonnaithe in Ionad Freud atá ainmnithe go speisialta in IMMA, go príomha ó 1970 ar aghaidh agus déanann siad iniúchadh ar roinnt de phríomhthéamaí an ealaíontóra - saothair a léiríonn a spéis i ndaoine agus sa domhan nádúrtha.
Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann, an tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
T: 01-612990
E: eolas@imma.ie
W: imma.ie
